Laurel Hill Coláiste FCJ
Meánscoil lán-Ghaeilge do chailíní i Luimneach

Cairde Cainte

Cumann Gaelach agus scéim “Cairde Cainte”
06-Samhain-19
Cairde Cainte

Thosaíomar, mar Chumann Gaelach, ar an scéim “Cairde Cainte” arís i mbliana. An aidhm atá ag baint le seo ná chun cabhrú leis na daltaí i mBliain a hAon dul i dtaithí ar an nGaeilge agus ar í a labhairt. ‘Séard atá i gceist le “Cairde Cainte” ná dalta ó Bhliain a cúig nó a sé ag caint agus ag comhrá as Gaeilge le dalta ó Bhliain a hAon. Chun aithne a chur ar a chéile rinneamar toraíocht taisce. Shocraíomar foirne de cheathrar agus chuamar timpeall na scoile ag lorg focal chun seanfhocal a chruthú. Bhí an-spraoi ag gach duine a ghlac páirt inti. Anois, tá sé ar intinn ag an gCumann Gaelach gníomhaíocht éigin eile a eagrú chun bualadh le chéile arís. Ach idir an dá linn, bíonn na daltaí ag caint as Gaeilge lena chéile fós sna pasáistí nuair a fheiceann siad a chéile. Tá súil againn go bhfuil sé seo an-tairbheach do na daltaí i mBliain a hAon chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus chun socrú síos anseo sa Choláiste.

Eibhlín Ní Chléirigh

Open Night
No events found
Leanaigí Sinn
03-Bealt-2022
Campa atá á eagrú ag an Ollscoil Luimnigh d'éinne le suim an samhradh seo
14-Már-2022
Tá LHC páirteach anois sa scéim One Good School
03-Már-2022
1ú- 17ú Márta
Cnoc na Labhras, Luimneach, V94CR26, Éire.
061 313 636
Uimhir Rolla: 64270P
© 2024 Laurel Hill Coláiste FCJ