Laurel Hill Coláiste FCJ
Meánscoil lán-Ghaeilge do chailíní i Luimneach

Cairde Cainte ar Luan Líofa

Tráth na gCeist leis na Cairde Cainte
14-Eanáir-20
Cairde Cainte ar Luan Líofa

An Luan seo caite bhí teacht le chéile iontach ag na “Cairde Cainte” anseo ar scoil. Ba é seo an dara h-uair a bhuail na cailiní ó Bhl. 1 lena gcairde i mBl. 5 +6 i mbliana chun píosa spraoi a bheith acu lena chéile. An uair dheireanach, bhí “Toraíocht Seanfhocal” ar siúl timpeall na scoile. An uair seo bhí Tráth na gCeist … ar Nollaig na mBan, mar a tharla sé.

Thángamar sa Chumann Gaelach suas leis an smaoineamh go gcuirfear an Tráth na gCeist ar siúl ar an Luan chun tacú leis an bhfeachtas mór eile atá ar siúl againn faoi láthair - ár ‘Luan Líofa’. Is é an smaoineamh ná chun Gaeilge amháin a labhairt le haghaidh an lae gach uile Luan. Seo feachtas go bhfuilimid, an Cumann Gaelach (grúpa de dhaltaí ón 5ú bliain) agus Iníon Nic Cumhaill ag cur a lán iarrachta isteach ann i mbliana, chun níos mó Gaeilge a spreagadh timpeall na scoile.

Don Tráth na gCeist, bhí na foirne déanta suas de mheascán de chailíní ón gCéad Bhliain agus a gCairde Cainte ón 5ú + 6ú Bliain. Imeacht an-taitneamhach agus tairbheach ab ea é toisc go raibh seans ag na scoláirí sóisearacha éisteacht agus caint leis na daltaí níos sine as Gaeilge. Bhí atmaisféar iontach sa halla le gach duine ag gáire, ag caint as Gaeilge agus ag foghlaim níos mó ó thaobh staire, tíreolais agus cultúr na hÉireann óna ceisteanna. Slí chliste is rathúil ab ea í chun an Ghaeilge i measc na gCairde Cainte agus ár ‘Luan Líofa’ a chur i bhfeidhm. Beimid ag súil leis an gcéad teacht le chéile eile.

Na buaiteoirí ar an lá, dála an scéil, ná Megan, Éabha, Gráinne agus Aoife. Comhghairdeas libh! Seacláid lán-tuillte agaibh!

Méabh, 5A2.

Open Night
No events found
Leanaigí Sinn
03-Bealt-2022
Campa atá á eagrú ag an Ollscoil Luimnigh d'éinne le suim an samhradh seo
14-Már-2022
Tá LHC páirteach anois sa scéim One Good School
03-Már-2022
1ú- 17ú Márta
Cnoc na Labhras, Luimneach, V94CR26, Éire.
061 313 636
Uimhir Rolla: 64270P
© 2024 Laurel Hill Coláiste FCJ