Gaeilge i LHC
Sa scoil seo tá an Ghaeilge agus gach a mbaineann léi thar a bheith tábhachtach – chomh tábhachtach taobh amuigh den rang is atá sí taobh istigh ann. Tá Cumann Gaelach an-ghníomhach sa 5ú Bliain againn. Faoi stiúr Choiste Múinteoirí, eagraíonn An Cumann Gaelach imeachtaí éagsúla i rith na scoilbhliana – Tráth na gCeist, Díospóireachtaí, Céilithe, Scór, Toraíocht Taisce, Aoichainteoirí ... maraon le h-imeachtaí eile i rith Sheachtain na Gaeilge. Tá an Ghaelbhratach gnóthaithe againn gach bliain ó 2013.
Tá feachtas againn chomh maith a ghlaoimid “Cairde Cainte” air. Seo nuair a thugtar “Cara” ó Bhliain 5 nó 6 do chailín sa Chéad Bhliain. Tugann an cara sinsearach, atá mar chluas le h-éisteacht nó crann taca, tacaíocht ar leith don sóisearach agus í ag socrú isteach i scoil lán-Ghaeilge.
Freisin sa scoil tá grúpa traidisiúnta ceoil a sheineann d’imeachtaí scoile agus a ghlacann páirt i gceolchoirmeacha agus i gcomórtais éagsúla. Is cuid thábhachtach de shaol Gaelach na scoile é An t-Aifreann as Gaeilge. Bíonn scoláireachtaí go dtí an Ghaeltacht ar fáil sa scoil gach bliain – i gCiarraí agus i gConamara araon. Tá sé mar sprioc againn grá don Ghaeilge agus dár gcultúr a chothú i measc na ndaltaí agus tapaímid gach deis chun an sprioc sin a chur chun cinn.
Ár gclár Ghaeilge Idirbhliana
Ar aon dul le bunphrionsabail Chlár na h-Idirbhliana, tá ár gclár Ghaeilge Idirbhliana deartha mar dhroichead idir an tSraith Shóisearachagus an tSraith Shinsearach. Seo a leanasna h-aidhmeanna atá againn:
- Go mbeadh scoláirí níos muiníní as sealbhúnateangan – idirlabhairt, thuiscint, léamhaguséisteacht
- Go mbeadh scoláirí níos neamhspleáiche agus féinstiúrtha ina bhfoghlaim
- Go mbeadh scoláirí níos feasaí maidir le Gaeilge agus ár gCultúr Gaelach sa tsochaí mór thimpeall orthu
Cuirimid béim ar an bhfoghlaim trí ghníomhacht- plé, rólghlacadh, díospóireacht, canadh, damhsa Gaelach, léirmheastóireacht srl. agus déantar iniúchadh ar an nGaeilge mór thimpeall orainn, ar a h-áit i gcomhthéacs theangacha agus chultúir eile na cruinne, arár n-oidhreacht logainmneacha agus litearthacha, ar an scannánaíocht agus ábhair eile a mbaineann leo. Leanaimid clár leathan, cuimsitheach a chuireann barr feabhais ar scileanna cumarsáide ár scoláirí agus ar a bhfeasacht ar theanga agus ar chultúr na tíre seo.
An Ghaeilge
Sraith Shínsearach
TógannGaeilgenahArdteistiméireachtaar an bhforbairtteanga a tharlaíonnsatsraithshóisearach. Díríteararnaceithrescilteanga le go n-ullmhófar an foghlaimeoir le páirtghníomhach a ghlacadhsasaoldátheangachinamairimid in Éirinn, agusspreagtar í lenatuairimí a fhorbairtagus a roinnt. Ullmhaítear an foghlaimeoirfreisin le go mbeidhar a cumastabhairtfaoinmbreisoideachassaGhaeilge, nótrímheánnaGaeilge.
Tábéaltriail, arfiú 40% den fhormharc í, inacuidéigeantach den mheasúnúseo. Déantartríscilcainteeilegachfoghlaimeora a mheasúnúfreisin .i. an éisteacht, an léitheoireachtagus an scríobh. Caitearstaidéar a dhéanamharghnéithe de théacsannalitearthanaGaeilge ag an nGnáthleibhéalagusdéantarstaidéarníosgéirearnasaothairchéannaseo, agusarshaothairbhreise, ag an Ardleibhéal.
ARDLEIBHÉAL
- Beidhdhápháipéarscríofaann don leibhéalseo.
- Dháuair an chloig a mhairfidhpáipéar a haon * (an 20 nóiméad don scrúdúcluastuisceana san áireamh) agusmairfidhpáipéar a dótríhuaireaguscúignóiméad.
An Bhéaltriail: ....................................................................................240 marc = 40% LabhairtnaGaeilge (240 marc) Scrúdúcomónta don ghnáthleibhéalagus don ardleibhéal a bheidhsabhéaltriail. Déanfartástáilarchumaslabharthaaguscumarsáide an scoláiretrímheánnaGaeilge.
Páipéar 1: .......................................................................................... 160 marc = 27% Cluastuiscint (60 marc) + Ceapadóireacht (100 marc) Scrúdófarcluastuiscintagusceapadóireachtsapháipéarseo.
Páipéar 2: .......................................................................................... 200 marc = 33% Léamhthuiscint x 2 (50 marc + 50 marc) + Prósainmnithenóroghnach (30 marc) + Filíochtainmnithenóroghnach (30 marc) + Litríochtbhreise (40 marc). Scrúdófarléamhthuiscintí, prósagusfilíocht an tSiollabaissapháipéarseo.