Dea-scéal! Gaelbhratach bronnta orainn arís i mbliana. Comhghairdeas ollmhór leis an gCumann Gaelach a rinne a lán oibre i mbliana chun Gaeilge a chur chun cinn inár measc. Buíochas speisialta leis na cailíní a bhuail leis an meántóir ó Ghael-Linn - Céití, Ceara, Róisín, Ava, Charlotte agus Muirne. Dúirt sí go raibh sibh go h-iontach, a chailíní! Bronnadh le bheith i mBÁC ar an 21ú Bealtaine.
Buíochas freisin leis na múinteoirí ar fad a chabhraigh - In. Nic Cumhaill, a stiúraigh, In. Ní Sheaghdha, In. Ní Choileáin agus In. Ní Áinle. Cúpla pictiúr thíos ón Lá Spóirt inné. Go raibh míle le h-In. Cantrell agus leis an gCoiste Spóirt, a bhí linn ar an lá