Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán-sheol againn anseo sa Choláiste! Sna pictiúir feictear múinteoirí agus scoláirí i mbun maisiúchán do Sheachtain na Gaeilge. Ag súil go mór leis an gcoicís romhainn nuair a bheidh imeachtaí spraíúla ar bun sna ranganna ar fad chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Tá Coláiste Chnoc na Labhras ag seasamh le hoidreacht, cultúr agus teanga na tíre seo! #Bród!