Sa scoil seo tá an Ghaeilge agus gach a mbaineann léi thar a bheith tábhachtach – chomh tábhachtach taobh amuigh den rang is atá sí taobh istigh ann. Tá Cumann Gaelach an-ghníomhach againn. Oibríonn an Cumann Gaelach/An Coiste Gaelbhrataí anseo i Laurel Hill Coláiste FCJ go dian chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, go bhfuilimid thar a bheith bródúil astu, a chur chun cinn. Faoi stiúr In. Ní Áinle, buaileann an coiste lena chéile gach seachtain. Toghtar Reachtaire, Leas-Reachtaire, Rúnaí agus Oifigeach Chaidreamh Poiblí a fhreastalaíonn ar thraenáil leis an eagraíocht náisiúnta “Gaelbhratach”. Mar choiste, agus le hionchur ó na baill uile, tagtar ar Phlean Gnímh gach bliain chun imeachtaí agus feachtais a chur ar bun, a rachadh chun tairbhe na teanga agus an chultúir Ghaelaigh inár scoil.
The Cumann Gaelach/ Gaelbhratach Committee here at Laurel Hill College FCJ works hard to promote the Irish language and Gaelic culture, of which we are extremely proud. Under the leadership of In. Ní Áinle, the committee meets every week. A chairperson, vice-chairperson, secretary, and Public Relations officer are elected to train with the national organization 'Gaelbhratach'. As a committee, and with input from all members, an Action Plan is created each year to organise and run events and campaigns that would benefit the Irish language and Gaelic culture in our school.