Mata: An Sraith Soisearach
Tá sé de chuspóir ag an tsonraíocht le haghaidh mhatamaitic na sraithe sóisearaí cumas an scoláire smaoineamh go loighciúil, go straitéiseach, go criticiúil agus go cruthaitheach a fhorbairt tríd an Snáithe aontach agus na ceithre shnáithe chomhthéacsúla: Uimhreas; Céimseata agus triantánacht; Ailgéabar agus feidhmeanna; agus Staitisticí agus dóchúlacht.
Dearadh an tsonraíocht d'íosmhéid 240 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire ar an gclára math ar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Is íosmhéid é seo agus ba cheart go dtabharfadh scoileanna faoi deara go bhfuil scoláirí ann a bhainfeadh tairbhe as níos mó ná 240 uair an chloig de rannpháirtíocht le go mbainfí amach na spriocanna náisiúnta feabhsúcháin a shonraítear sa straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta (an Roinn Oideachais agus Scileanna, 2011).
Leagan Amach an Chursa:
Ardhaleibheal a chuirtear an siollabais ar fáil, Ardleibheal agus Gnathleibheal, agus tá na Measúnú Rang-Bhunaithe (MRB), ar leibheal comonta.
Paipear Scriofa = 90%
Tasc Measunaithe = 10%
Gheofar eolas breise ar: https://www.curriculumonline.ie/Junior-cycle/Junior-Cycle-Subjects/Mathematics/Rationale
Matamataic don SraithShinsearach
I Matamaitic na hArdteistiméireachta tógtar ar an mhatamaitic a foghlaimíodh sa tsraith shóisearach agus féachtar leis an eolas, na scileanna agus an tuiscint mhatamaiticiúil is gá chun leanúint den oideachas, dul ar aghaidh sa saol agus dul i mbun oibre a thabhairt don dalta. Cabhraíonn staidéar ar an matamaitic le daltaí smaoineamh ar shlí sholúbtha, dea-araíonachta chun fadbhanna a réiteach i gcomhthéacsanna matamaiticiúla agus i gcomhthéacsanna san fhíorshaol.
Ar thrí leibhéal a chuirtear an siollabas ar fáil– Ardleibhéal, Gnáthleibhéal agus Bonnleibhéal – agus measúnaítear é ar gach ceann de na leibhéil sin. Bíonn páipéar scrúdaithe ar leith ann ag gach ceann den dá leibhéal.
Gheofar eolas breise ar Tionscadal Mata ag: www.ncca.ie/projectmaths